55 ar a laghad marbh i Hawaii

  • Last Updated:

Áirítear go bhfuil ar a laghad 55 duine marbh anois de bharr na dtinte foraoise ar cheann d'oileáin Hawaii san Aigéan Ciúin.

3 lá o shin a thosaigh na tinte ar chósta thiar oileán Maui.

Tá an baile cois cósta Lahaina scriosta ag an loscadh.

Tá na mílte duine anois fágtha gan dídean de thoradh na tubaiste agus suas le 14,000 turasóir aslonnaithe ón oileán.

Foirgnimh dóite go talamh

Tá oibrithe tarrthála ar a ndícheall féachaint le teacht ar choirp agus ar dhaoine atá ar iarraidh ach níl an droch-aimsir ag cuidiú lena gcuid iarrachtaí.

D'fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe,Joe Biden an loscadh seo ina mórthubaiste inné agus tá cúnamh airgid geallta don réigiún anois.

Deir na húdaráis i Maui go dtógfaidh sé na billiúin dollar agus cuid mhaith blianta leis an damáiste atá déanta ansin a chur ina cheart.

Tá oileáin Hawaii thart ar 2,000 míle siar ó chósta thiar na Stát Aontaithe.

Stát de chuid Mheiriceá is ea Hawaii ó 1959.