Tá leithscéal gafa ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann as sonraí fostaíochta gach uile bhall foirne sa tseirbhís a fhoilsiú de dhearmad.
Idir phóilíní agus shibhialtaigh atá i gceist.
Ag preasócáid i mBéal Feirste inné, dhearbhaigh an Leas-Ard-Chonstábla Chris Todd gur foilsíodh sloinne, túslitir chéadainm, céim, grád, rannóg oibre agus áit oibre gach duine atá ag obair sa tseirbhís.
Mar fhreagra ar iarratas saorála faisnéise a foilsíodh na sonraí fostaíochta, a dúirt sé.
Thug Chris Todd le fios gurbh amhlaidh a hiarradh ar na daoine a bhí freagrach as an tuaiplis an líon iomlán póilíní agus oibrithe eile sa tseirbhís a chur ar fáil ach, ar an drochuair, gur chuir siad dintiúir phearsanta ar fáil chomh maith.
Dúirt sé nár mhór a rá gur de neamhaistear agus gur le dea-rún a rinneadh seo.
Mhaígh sé nach raibh aon scéal ná cogar scéil faighte ag na póilíní fós faoi aon bhall foirne a bheith i mbaol de bharr ar sceitheadh.
Mar sin féin, arsa sé, tá bearta slándála curtha i bhfeidhm acu ar fhaitíos go mbainfí mí-úsáid as an eolas a foilsíodh.
I ráiteas, dúirt Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris go raibh an-imní air faoinar tharla.
Dúirt cumann ionadaíochta na bpóilíní gur chuir an scéal fearg agus uafás orthu agus d'iarr siad fiosrúchán a bhunú láithreach.
Sárú thar cuimse atá ann, bíodh sé ina dhearmad nó ná bíodh, arsa cathaoirleach an chumainn Liam Kelly.
Ba cheart go mbeadh eolas den sórt seo dianchumhdaithe ar fhaitíos go bhfaigheadh daoine urchóideacha greim air, a dúirt sé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ