Chaoin na sluaite an t-amhránaí Sinéad O'Connor ag a sochraid i mBré, Co Chill Mhantáin, ar maidin inniu.
Tiomáineadh an t-eileatram síos Bóthar na Trá agus an Promanád i mBré, áit a raibh deis ag an bpobal ómós a thabhairt don diva Éireannach a bhain clú agus cáil idirnáisiúnta amach as a glór meallacach.
Veain champála a bhí deasaithe le bratacha éagsúla, agus a raibh ceol Shinéad O'Connor féin á shéideadh go hómósach uaidh, a bhí ar cheann na sochraide.
Chuaigh an t-eileatram thar an teach ar Bhóthar na Trá a raibh cónaí ar Shinéad O'Connor ann ar feadh cúig bliana déag.
Bhí an chónra folaithe ag bláthanna bándearga agus gorma.
Reáchtáladh seirbhís phríobháideach ina honóir níos túisce ar maidin agus ba é Ard-Iomám Ionad Ioslamach na hÉireann, an Dr Umar Al-Qadri, a dúirt an t-urnaí.
I ráiteas a d'fhoilsigh sé ar líne tar éis na sochraide, dúirt an Dr Al-Qadri gur iníon ionúin Éireann ab ea Sinéad O'Connor.
Dá mhéad a chan sí faoina pian féin agus faoi na peacaí a chonaic sí i ngach áit sa saol, arsa sé, ba ea ba mhó a thuig daoine a raibh le rá aici agus ba mhó a chuaigh a cuid focal i bhfeidhm orthu.
I ráiteas, dúirt a teaghlach gur bhain Sinéad O'Connor an-sásamh as an am a chaith sí ag cur fúithi i mBré agus dúirt siad gur mhaith leo a mbuíochas a ghabháil le muintir na háite as an ngrá ar fad a bhí léirithe acu di ó cailleadh í in aois a sé bliana déag agus dhá scór i Londain nach mór coicís ó shin.
Bhí Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins, a bhean chéile Sabina agus an Taoiseach Leo Varadkar i measc na ndaoine a bhí ar an tsochraid i mBré.
Dúirt an tUachtarán gur léirigh an modh agus urraim a tugadh do Shinéad O'Connor le coicís cé chomh mór agus a chuaigh sí i gcion ar mhuintir na hÉireann i gcaitheamh a saoil.
Fuarthas corp Shinéad O'Connor ina hárasán i ndeisceart Londan ar an 26 Iúil.
Dúirt na póilíní thall nach raibh dada amhrasach ag baint lena bás.
Ní raibh i láthair ach a teaghlach nuair a adhlacadh í tráthnona.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ