Ryanair cáinteach ar ordú srianta in Aerfort Bhaile Átha Cliath

  • Last Updated:

Tá an t-ordú atá déanta ag Comhairle Contae Fhine Gall maidir le srian a chur ar lion na n-eitiltí thar oíche ag Aerfort Bhaile Átha Cliath cáinte go láidir ag aerlíne Ryanair.

Deir Ryanair go bhfuil a léithid seo de chinneadh 'amaideach'.

Ryanair ar buille go bhfuil srianta i bhfeidhm istoíche ag an aerfort

Deir sé freisin go gcaithfidh sé cuid mhór dá chuid eitiltí a chur ar ceal ó Aerfort Bhaile Átha Cliath ón mhí seo chugainn ar aghaidh i bhfianaise an ordaithe.

Tá iarrtha aige ar an Aire Iompair Eamon Ryan breathnú go géar ar an gcinneadh seo agus leasú de chineál éigin a chur i bhfeidhm.

Deir an Taoiseach Leo Varadkar áfach nach bhfuil aon rogha ag Comhairle Contae Fhine Gall ach an dlí a chur i bhfeidhm má fheictear dó go bhfuil srianta pleanála a bhaineann le rúidbhealach nua sáraithe ag an aerfort.

Mí Lúnasa anuraidh a hosclaíodh an rúidbhealach nua ar an taobh ó thuaidh den aerfort – ar chostas €320m maoinithe ag údarás an aerfoirt.

Bhí go leor de mhuintir na háite ag cur ina aghaidh áfach 'de bharr an torainn a bhainfeadh leis' a dúirt siad.

Dá bharr sin a cuireadh srian leis an gcead pleanála a tugadh; nach mbeadh níos mó ná 65 eitilt ar an meán i gcaitheamh ráithe ar an rúidbhealach idir a 11 a chlog san oíche agus a 7 ar maidin.

Tá Ryanair ag iarraidh go leasófaí an t-ordú seo le go mbainfeadh sé le huaireanta a' chloig idir meánoiche agus a 6 ar maidin.

Cháin údaráis an aerfoirt cinneadh na comhairle freisin, go háirithe a deir siad agus é déanta le linn 'bhuaic-thréimhse eitlíochta an tsamhraidh'.