Foinse ón Úcráin ag rá gur éirigh le hionsaí dróin sa Mhuir Dhubh

  • Last Updated:

Rinneadh cuid mhór damáiste do long cogaidh de chuid na Rúíse in ionsaí buamála dróin a tharla sa Mhuir Dhubh.

Sin de réir na faisnéise atá curtha ar fáil ag foinsí san Úcráin.

Maítear gur tharla an t-ionsaí aréir in aice le calafort Novorossiysk, ceann de na príomhchalafoirt tráchtála atá ag an Rúis.

Níl an t-ionsaí dearbhaithe go fóill áfach ag údaráis na hÚcráine i Kyiv.

Níl aon tagairt don ionsaí déanta ach oiread ag Roinn Cosanta na Rúise.

Ag deireadh na míosa seo beidh an cogadh fuilteach idir an Rúis agus an Úcráin ar bun le bliain go leith.

Thug an Rúis ruathar thar teorainn isteach faoin Úcráin ar an 24 Feabhra 2022.