Míshásamh i dTrí Lí faoi phóstaer Hitler den Tánaiste

  • Last Updated:

Tá daoine i dTrá Lí i gCo Chiarraí ag cáineadh na bpóstaer atá crochta sa gceantar ina bhfuil an Tánaiste Micheál Martin curtha i gcosúlacht Adolf Hitler.

Mar a tharlaíonn tá Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron tar éis an dlí a chur ar chuideachta fógraíochta mar gheall ar phóstaer den chineál céanna a bhí crochta sa tír sin.

Baineadh geit as daoine i dTrá Lí inniu nuair a tugadh faoi ndeara go raibh póstaeir crochta i lár an bhaile agus íomhá den deachtóir Adolf Hitler – ceannaire na Naitsithe na nGearmáin sna 1930í agus 40í – le feiceáil orthu.

Tugadh faoi deara 4 phóstaer ar a laghad – ag an timpeallán ar Bhóthar na Claise ar an mbealach chuig Ospidéal na hOllscoile Ciarraí agus ar thimpeallán eile ar an mBóthar Buí.

Ach nuair a chaitear súil ghrinn orthu is léir gur íomhá don Tánaiste atá ann agus cuma Hitler curtha air.

Tá a leithéid de phóstaeir feicthe le tamall san Iodáil, sa bPolainn agus sa bhFrainc áit gur thug an tUachtarán Macron cás os comhair cúirte faoi.

Gearradh €10,000 de phionós ar an té a rinne an póstaer.

Ní raibh Micheál Martin ar fáil inniu le labhairt faoin ábhar.

Ach tá baill d'Fhianna Fáil i gCiarraí, agus go háirithe i dTrá Lí, ar buille faoin masla.

Ní hé an dea-cháil atá tarraingthe ag an Eite Dheis i gCúige Mumhan le gairid – eachtraí ar nós an ionsaithe a déanadh ar an Leabharlann i dTrá Lí le linn Bród, Féile an Phobail Aeraigh, agus an agóid leanúnach atá ar siúl os comhair na Leabharlainne i gCathair Chorcaí.

Tá sé tuairiscthe go raibh daoine atá páirteach i ngluaiseacht na hEite Deise i Sasana i láthair ag an agóid i gCorcaigh Dé Sathairn seo caite.

Dúirt tusimitheoir a labhair le Nuacht TG4 tráthnóna go bhfuil sé féin agus tuismitheoirí eile a dúirt sé an-imníoch faoin roscaireacht atá ag borradh.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Marian O’Flaherty ar Nuacht TG4 ag 1900.