Tá iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le cúiseamh in iarracht a dhéanamh toradh thoghchán uachtaránachta na tíre in 2020 a chur ar ceal.
Tá ardghiúiré i stát Georgia tar éis Donald Trump a dhíotáil i gcúiseanna coiriúla a bhaineann le comhrá teileafóin a bhí aige leis an oifigeach toghchánaíochta is sinsearaí sa stát sin ar an 2 Eanáir 2021.
Sa chomhrá sin, d'iarr Donald Trump ar Brad Raffensperger tuilleadh vótaí a aimsiú ar a shon le dúil toradh an toghcháin in Georgia a athrú.
Bhí Donald Trump fós ina uachtarán ag an am ach thug Brad Raffensperger an t-eiteachas dó.
Is í an t-ionchúisitheoir dúiche i gcathair Atlanta, Fani Willis, a d'fhógair na cúiseanna atá curtha i leith an iar-Uachtaráin.
Chomh maith le Donald Trump, tá ocht nduine dhéag eile le cúiseamh in os cionn dhá scór cion coiriúil san iomlán.
Tá iarcheann foirne Donald Trump sa Teach Bán, Mark Meadows, agus na dlíodóirí Rudy Giuliani agus John Eastman ina measc.
Tá siad ar fad le cúiseamh i gcambheartaíocht, cúis a chuirtear den chuid is mó i leith daoine a bhfuil baint acu le coireacht eagraithe.
Is féidir téarma príosúin suas le fiche bliain a ghearradh ar dhaoine a chiontaítear i gcambheartaíocht.
Dhearbhaigh Fani Willis go bhfuil sé i gceist na naoi gcúisí dhéag a chur ar a dtriail in éindí.
Dúirt sí go bhfuil go dtí 5 a chlog tráthnóna Dé hAoine 25 Lúnasa ag na cúisithe iad féin a thabhairt ar láimh do na húdaráis. É sin, arsa sí, nó gabhfar iad.
Cháin Donald Trump an cinneadh é a dhíotáil agus mhaígh sé gur cinneadh claonta a bhí ann.
Is cosúil faoi láthair gurb é a bheas ina iarrthóir ag an bPáirtí Poblachtach sa chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024 agus mhaígh sé gur iarracht a bhí sa chinneadh a fheachtas toghchánaíochta a chur ó mhaith.
"Cén fáth nár díotáladh mé dhá bhliain go leith ó shin?" arsa sé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ