Tá dóiteán mór i mbialann McDonald’s sa Droichead Nua i gCo Chill Dara nach mór múchta ag na seirbhísí dóiteáin.
Tuigtear go ndeachaigh gluaisteán a bhí faoi sceimheal na háite, go ndeachaigh sí trí thine ag thart ar 11.30 ar maidin agus gur leath an dóiteán go tapa go dtí an bhialann.
Tugadh gach uile dhuine amach as an bhfoirgneamh gan mhoill agus níor gortaíodh aon duine.
Dealraíonn sé faoi láthair nach ndearnadh damáiste d’aon fhoirgneamh eile thar an mbialann.
Deir Comhairle Contae Chill Dara go bhfuil comhraiceoirí dóiteáin ó thrí stáisiún áitiúla ar an láthair.
Tá deatach tiubh fós ag teacht as an mbialann agus tá an t-aer sa cheantar ramhar leis.
Tá an Chomhairle Contae ag achainí ar dhaoine fuireach ón áit go fóill agus táthar ag moladh do dhaoine atá ina gcónaí sa cheantar a bhfuinneoga a choinneáil dúnta.
I ráiteas, dúirt McDonald’s gur tugadh na baill foirne a bhí ar dualgas agus na custaiméirí a bhí sa bhialann ag an am, gur tugadh amach as an áit iad sular leath an dóiteán agus gur tháinig siad ar fad slán.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ