‘Níl cath na Gaeilge ó thuaidh thart go fóill’-Dream Dearg

Deir an grúpa feachtasaíochta An Dream Dearg nach bhfuil an cath ó thaobh chearta teanga sa Tuaisceart thart go fóill.

Bhí bail na teanga á plé ag féile pobail i mBéal Feirste inniu.

Ag an díospóireacht sin in iarthar na cathrach, dúradh go bhfuil go leor le foghlaim ag daoine i bPoblacht na hÉireann ó phobal an Tuaiscirt faoin díogras a léirítear ó thuaidh agus iad ag éileamh a gcuid cearta teanga.

Tá Comhaontú Aoine a'Chéasta sínithe le 5 bliana is fiche anois ó mhí Aibreán seo caite.

Rinneadh trácht ar na dúshláin atá feicthe ag cearta teanga na Gaeilge ó shin.

Cé go bhfuil reachtaiocht don Ghaeilge ina Acht oifigiúil ó anuraidh, níl sé curtha i bhfeidhm agus tá Coimisinéir Teanga le ceapadh go fóill.