Ón lá inniu ar aghaidh tá tuismitheoirí agus caomhnóirí in ann aon leanbh atá acu in aois a 6 nó 7 mbliana a chlárú le cúram dochtúra teaghlaigh a fháil saor in aisce.
Suas le 80,000 leanbh atá i gceist.
Tá an tseirbhís seo amhlaidh a bhuíochas de shocrú a rinneadh níos túisce sa Samhradh idir an Roinn Sláinte,Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) agus Ceardchumann Dochtúirí Éireann (IMO).
Is féidir na hiarratais chuí a dhéanamh trí ghréasán an HSE.
hse.ie/gpvisitcards an nasc atá i gceist agus áirítear go dtógfaidh an próiseas idir 7 agus 10 lá.
Is féidir le daoine iarratas a dhéanamh tríd an tseirbhís poist freisin.
Fágann seo uilig go bhfuil seirbhís cúram dochtúra saor in aisce ag chuile leanbh sa stát atá faoi bhun 8 mbliana.