Cuireadh tús le cruinniú de Bhord Póilíneachta an Tuaiscirt ar maidin le dhá shárú ar shonraí a bhain le hoigifigh agus baill eile foirne de chuid an PSNI.
Tháinig oifigigh shinsearacha de chuid an PSNI faoi bhráid an chruinnithe, ina measc an Príomh-Chonstábla Simon Byrne a tháinig ar ais ó shaoire theaghlaigh le bheith i láthair.
D'fhág an sárú ar shonraí go raibh roinnt sonraí pearsanta faoi oifigigh reatha an PSNI foilsithe trí thimpiste ar líne ar feadh roinnt uaireantna a chloig Dé Máirt.
Tá án sárú á fhiosrú ag an PSNI, agus ghaibh an fórsa leithscéal lena fhoireann á rá gur earráid dhaonna ba chúis leis.
Eagraíodh cruinniú an Bhoird Phóilíneachta sular tháinig eolas faoi faoi shárú eile ar shonraí chun solais tráthnóna inné.
Bhain an dara sárú seo le ríomhaire glúine, raidió agus cáipéisí a goideadh ó fheithicil in Aontroim os cionn mhí ó shin. I measc na gcáipéisí a tógadh bhí bileog a chuimsigh ainmneacha breis agus 200 oifigeach agus ball foirne.
Tharla sárú ar shonraí na seachtaine seo de bharr fhreagra a thug an PSNI ar Iarratas ar Shaoráil Faisnéise a d'iarr líon iomlán na n-oigifeach agus na mball foirne i ngach rang den eagraíocht
San fhreagra ar an iarratas agus a foilsíodh, tharla go raibh tábla eolais leabaithe ann a chuimsigh faisnéis faoi rang agus grád na foirne, ach a thug freisin sloinne, inisil, ionad iobre agus rannóg gach fostaí de chuid an PSNI.
Is féidir go raibh rochtain phoiblí ar an bhfaisnéis seo ar feadh achar idir dhá uair go leith agus trí huaire.
Tá teaghmháil déanta leis na hoigifigh agus na baill foirne atá i gceist, lena gcur ar an eolas faoin eachtra, agus tá fógra faoin sárú ar shonraí curtha faoi bhráid an Choimisinéara Fáisnéise.
'Ábhar tromchúiseach' é an sárú seo, a dúirt an Stát-Rúnaí Chris Heaton-Harrris
Dúirt Mike Nesbitt, MLA de chuiid Pháirtí na nAontachtach inniu gur mó an chumarsáid atá faighte aige ó chomhaltaí Caitliceacha agus náisúnacha ag cur imní faoin sárú seo in iúl dó.
Dúirt MLA Shinn Féin Linda Dillon gur údar imní é go n-éireodh comhaltaí as an PSNI agus go gcuirfidh sé daoine eile ón bpóilíneacht a roghnú mar shlí bheatha.
Tá an bhagairt ar an PSNI ó sceimhleitheoirí curtha ag leibhéal tromchúiseach, a deir an Police Federation of Northern Ireland, rud a fhágann gur an-dócha go mbeidh ionsaí ann.
Mí Feabhra a caitheadh agus a gortaíodh go dona an bleachtaire John Caldwell, agus é ag ionad spóirt i gCo. Thír Eoghain.