Tá an gníomhaí Gaeilge aitheanta as Cúige Uladh Tomás Ó Monacháin tar éis bháis in aois a shé bliana déag agus ceithre scór.
Bhí baint mhór ag Tomás Ó Monacháin le bunú an cheantair Ghaeltacha i mBéal Feirste i dtús na seachtóidí agus tá cás cúirte maidir le cearta teanga a thug sé in aghaidh an Stáit ó dheas daichead bliain ó shin ina phointe tagartha tábhachtach i dtólamh.
Ba i gCill Ó Laoch ar bhruach theas Loch Cuan i gCo an Dúin a rugadh Tomás Ó Monacháin i 1927. Jimmy a bhí ar a athair agus Molly a bhí ar a mháthair.
Uncail leis ab ea an t-ealaíontóir Ailbhe Ó Monacháin. Bhásaigh uncail eile leis – Cathal Ó Monacháin – i gCill Orglan, Co Chiarraí, Aoine an Chéasta 1916 in éineacht le beirt óglach eile agus iad ar a mbealach le bualadh le Ruairí Mac Easmainn.
Nuair a bhí sé ceithre bliana d'aois, d'aistrigh an teaghlach go Béal Feirste, áit a raibh Jimmy ag obair.
Chuaigh Tomás ar Bhunscoil Naomh Muire a bhí foscailte i Sráid na Beairice i mBéal Feirste ag na Bráithre Críostaí i 1929. Ina dhiaidh sin, d'fhreastail sé ar an choláiste theicniúil i Sráid Hardinge taobh le ceantar na ndugaí.
Le linn an Dara Cogadh Domhanda, rinne ruathair aeir na nGearmánach an oiread sin damáiste do scoltacha agus d'fhoirgnimh eile sa cheantar go mb'éigean thart ar 350 dalta scoile a sheoladh amach faoin tuath.
Bhí Tomás i measc na ndaltaí a fuair a gcuid oideachais in óstán i mBun Abhann Doinne i nGlinnte Aontroma go dtí go raibh sé sábháilte pilleadh ar Bhéal Feirste i 1943.
Ar an mheánscoil a bhí sé nuair a thug sé a chéad chuairt ar Thír Chonaill le dul ar Choláiste Bhríghde i Rann na Feirste.
Rinne sé staidéar ar an ailtireacht agus chaith sé seal ag obair i mBaile Átha Cliath sular phill sé ar Bhéal Feirste.
Chleacht sé a cheird le comhlachtaí éagsúla go dtí go bhfuair sé post mar ailtire tionscadail le hIontaobhas Tithíochta Thuaisceart Éireann.
Phós sé féin agus Brighid Nic a' tSionnaigh as Béal Feirste i 1963.
Sna caogaidí agus sna seascaidí, bhí Tomás ina rúnaí ar Chumann Chluain Ard, cumann sóisialta agus foghlamtha lán-Ghaeilge, neamhpholaitiúil, neamhsheicteach in Íochtar na bhFál.
Chuir an Cumann polasaí láidir Gaeilge i bhfeidhm. "Is í an Ghaeilg teanga an toigh seo" an mana a bhí acu.
Dúradh go neamhbhalbh le gluaiseacht na Poblachta san am nach bhféadfadh siad leas a bhaint as foirgneamh an Chumainn faoi choinne gníomhaíochtaí a chuirfeadh imní ar Phrotastúnaigh a bhíodh ag freastal ar na ranganna Gaeilge roimh 1969.
Theagasc Tomás Gaeilge do na céadta a tháinig chuig na ranganna i gCumann Chluain Ard as gach áit sa chathair agus i gCúige Uladh. Rinneadh an obair uilig go deonach.
Chomh maith leis na ranganna teanga, teagascadh ranganna amhránaíochta agus reáchtáladh ócáidí sóisialta mar chéilithe agus oícheanta caidrimh.
Bhunaigh na baill club rothaíochta agus is iomaí turas a rinne rothaithe Bhéal Feirste chuig ceantair Ghaeltachta Dhún na nGall – Rann na Feirste, Gaoth Dobhair, Cloich Chionnaola agus Ros Goill.
Mheall sé cuid de shárchainteoirí agus scríbhneoirí na Gaeltachta le ranganna a theagasc sa Chumann – leithéidí Dhomhnaill Mhic Grianna agus a dheartháir, an file Seán Bán Mac Grianna.
Thug sé cuireadh d'amhránaithe na Gaeltachta teacht go Béal Feirste fosta – léithéidí Niocláis Tóibín agus Sheosaimh Uí Éanaigh.
I Rann na Feirste, thaifead sé an oiread ceoil agus seanchais ar théip spóil le gléas fearógraif is gur bhaist cuid de mhuintir an cheantair sin 'Fear an Bhocsa Dhuibh' air!
Bhí suim ag Tomás riamh san fheachtas ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Ag an Cháisc 1966, le linn chomóradh oifigiúil an Stáit ar 1916, ghlac sé féin agus daoine eile i mBéal Feirste páirt i stailc ocrais a d'eagraigh Misneach agus Máirtín Ó Cadhain sa chathair sin agus i mBaile Átha Cliath mar agóid in aghaidh fhaillí an rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta ag an am.
I 1969, nuair a dhóigh scaifte dílseoirí Sráid Bombay in Íochtar na bhFál go talamh, chuidigh pobal beag na Gaeilge i gceantar Chluain Ard le hatógáil na sráide.
Mar ailtire, ba é Tomás a mharcáil amach línte na dtithe nua sular tógadh an tsráid arís.
Ní ba luaithe ná sin – i 1953 agus é ina ailtire óg – ba é a mharcáil amach na línte faoi choinne na staide úire i bPáirc Mhic Easmainn i mBaile Andarsain.
I 1969, bheartaigh Tomás agus grúpa de theaghlaigh Ghaeilge Bhéal Feirste sráid lán-Ghaeilge dá gcuid féin a thógáil.
Ba eisean a stiúraigh an togra agus bhí na hocht dteach a tógadh ar Bhóthar Seoighe ar an chéad Ghaeltacht uirbeach in Éirinn le 100 bliain.
Mar chuid den togra, bunaíodh Bunscoil Feirste i 1971, an chéad bhunscoil Ghaeilge riamh sna sé chontae.
Dhá bhliain ina dhiaidh sin, i bhfianaise malairt tuairimí faoi threo oideachais an togra, d’aistrigh Tomás, a bhean chéile agus a gclann go Gaoth Dobhair.
I 1976, agus é ag fanacht le talamh a cheannacht ar an Ard Donn i nGaoth Dobhair, pháirceáil sé carabhán ar bhóthar dúnta i Mín Doire Dhamh in aice láimhe i ndiaidh dó cead a fháil ón té ar leis an talamh.
Chuir fear eile ina éadan agus d’iarr an fear úd ar an Chomhairle Contae an dlí a chur i bhfeidhm as sárú rialacha pleanála.
Nuair a tháinig an cás os comhair Chúirt Dúiche an Bhun Bhig, d’éiligh Tomás go n-éistfeadh an breitheamh é i nGaeilge gan aon chuidiú ó ateangaire agus Alt 71 d'Acht na gCúirteanna Breithiúnais 1924 tugtha mar údarás aige. Diúltaíodh dá iarratas agus gearradh fíneáil air.
Trí mhí ina dhiaidh sin, tugadh os comhair na cúirte arís é faoin chúis chéanna. Dhiúltaigh sé glacadh le dlínse na cúirte agus gearradh fíneáil arís air.
Níor íoc sé an fhíneáil agus i mí an Mheithimh 1976 cuireadh i bPríosún Mhuinseo é.
Dhiúltaigh an Ard-Chúirt ar dhá ócáid dá iarratas habeas corpus ach scaoileadh saor ón bpríosún é i ndiaidh ceithre lá.
I 1979, lorg Tomás dearbhú ar an Chúirt Uachtarach gur theip ar an Stát a dhualgais a chomhall nuair nár ceapadh breitheamh le Gaeilge sa Ghaeltacht.
Trí bliana ina dhiaidh sin, thug an Chúirt Uachtarach droim láimhe dá iarratas agus fágadh costais uilig an cháis air.
Dúirt Conradh na Gaeilge ag an am gur fhág an breithiúnas cé go raibh dualgas ar an Stát breithiúna le Gaeilge a cheapadh sa Ghaeltacht, nach raibh dualgas ar bhreitheamh feidhm a bhaint as an Ghaeilge i gcúirt Ghaeltachta.
Dúirt Coiste Ghlór na nGael i nGaoth Dobhair ag an am gur "íobairt mhór agus obair mhór … an rud a rinne sé. D'fhéadfadh sé éalú uaidh go furast agus an Béarla a úsáid, ach bhí prionsabal i gceist de thairbhe na Gaeilge agus mhuintir na Gaeltachta."
Tá an cás cúirte úd, dá ngairtear Ó Monacháin v An Taoiseach srl., i measc na gcásanna is mó a ndéantar tagairt dóibh i stair dhlíthiúil chearta teanga in Éirinn.
Bhí Tomás ina bhall den ghluaiseacht teanga Cearta Gael i nGaeltacht Dhún na nGall, grúpa feachtais a d’éiligh cearta teanga sna cúirteanna agus Gaeilge amháin ar chomharthaíocht bhóthair sa Ghaeltacht.
Ba mhinic iachall a bheith air fosta teagasc, téacsleabhair agus eiseamláir Ghaeilge a éileamh dá pháistí i mbunscoileanna agus i meánscoil Ghaoth Dobhair.
Cosúil le go leor eile, ba mhian leis a shaol a chaitheamh agus a chlann a thógáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.
Chuireadh sé comhairle ar chuid mhaith grúpaí pobail sa Ghaeltacht maidir le beartais phleanála agus an tionchar díobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag scéimeanna tithíochta ar an teanga mura mbeadh aon choinníoll leo.
Chuidigh sé le Coiste Pobail Mhachaire Rabhartaigh ina n-aigheacht siúd maidir le scéim tithíochta sa cheantar sin.
Bhí suim aige chomh maith i bpleanáil phoiblí stuama agus ghlac sé páirt in agóidí in aghaidh píolóin leictreachais os cionn talaimh a bhí le dul ó Ghaoth Dobhair go dtí Gaeltacht Láir Dhún na nGall.
Nuair a moladh aerstráice a thógáil i Machaire Gathlán i nGaoth Dobhair, níor aontaigh Tomás lena raibh beartaithe ar an mbonn go scriosfadh sé ceantar álainn cois farraige agus nach dea-chleachtas pleanála don Ghaeltacht a bheadh ann, dar leis.
I 1992, bhunaigh sé féin agus cara leis Pádraig Mag Giolla Ruaidhe Coiste Comórtha an Athar Mícheál Ó hÍceadha.
D’fhoilsigh siad sraith plépháipéar dar teideal 'OLLSCOIL – cuntas ar staid na Gaeltachta agus na Gaeilge' agus rinne siad moltaí faoi ollscoil neamhspleách Ghaeilge a bhunú.
In 2020, dhiúltaigh Tomás Ó Monacháin páirt a ghlacadh i gclár faisnéise faoi Ghaeltacht Bhóthar Seoighe ná in aon chlár ar TG4 nó ar an BBC a mbeadh fotheidil éigeantacha Bhéarla ann.
Dúirt duine dá chlann mhac Ailbhe gur "fear léannta ach fear gan mórtas a bhí ann, a chuidigh leis an iliomad scoláirí a tháinig chuige agus iad ag déanamh staidéir acadúil ar stair na Gaeilge i gCúige Uladh agus ar ábhair eile.
"Bhí sáreolas aige ar an teanga, ar an fhoclóireacht, ar an stair agus ar an litríocht. Bhí spéis aige sna logainmneacha, sa tSuirbhéireacht Ordanáis agus san amhránaíocht.
"Ba mhinic é féin agus a bhean Brighid ag an Oireachtas, ó thosaigh siad ag freastal air sna caogaidí. Bhí aithne mhaith orthu agus neart cairde acu ar fud na tíre dá bharr.
"Fear séimh, cineálta agus greannmhar a bhí ann a rabh dúil mhór aige i gcuideachta.
"Ba bheag cruinniú poiblí faoi chúrsaí teanga nó pleanála a chaill sé agus chuireadh sé comhairle saor in aisce ar dhaoine ina cheantar féin faoi chúrsaí pleanála, tithíochta agus talaimh.
"Ghlac sé páirt ghníomhach i saol sóisialta a cheantair féin agus in imeachtaí sóisialta Gaeilge go náisiúnta go dtí gur mheath a shláinte i ndeireadh a shaoil."
Maireann bean chéile Thomáis Uí Mhonacháin, Brighid, agus a seisear clainne.