Tá Michael McMonagle, iar-phreasoifigeach le Sinn Féin tugtha os comhair cúirte i gcathair Dhoire.
Bhí barántas cúirte eisithe ina choinne nuair nár tháinig sé os comhair cúirte níos túisce sa tseachtain.
Tá cúiseanna bainteach le cionta gnéis ar leanbh curtha i leith McMonagle.
Tugadh an fear 41 bliain d'aois ó Shráid Limewood i nDoire os comhair na cúirte ar maidin inniu.
Tá 3 chúis tugtha ina choinne agus deirtear gur tharla na cionta gnéis seo más fíor idir Bealtaine 2020 agus Lúnasa 2021.
Tá McMonagle ar fionraí óna phost agus ó pháirtí Shinn Féin faoi láthair.