Spórt
Lóistín do mhic léinn atá díomhaoin le tabhairt do dhídeanaithe
Tá sé dearbhaithe ag an Rialtas gur féidir cóiríocht do mhic léinn a chur ar fáil d'inimircigh feasta má tá an chóiríocht sin díomhaoin ar feadh dhá mhí dhéag nó níos faide.
“Fearg agus uafás” ar phóilíní ó thuaidh faoi sceitheadh sonraí
Tá leithscéal gafa ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann as sonraí fostaíochta gach uile bhall foirne sa tseirbhís a fhoilsiú de dhearmad.
Slán cuí ceolmhar curtha le Sinéad O’Connor i mBré
Chaoin na sluaite an t-amhránaí Sinéad O'Connor ag a sochraid i mBré, Co Chill Mhantáin, ar maidin inniu.
An Úcráin: deichniúr maraithe de bharr ionsaithe diúracán
Tuairiscítear gur maraíodh ochtar agus gur leonadh os cionn 30 duine eile nuair a scaoil fórsaí Rúiseacha dhá dhiúracán le baile Pokrovsk in Oblast Donetsk in oirthear na hÚcráine aréir.
An gníomhaí Gaeilge aitheanta Tomás Ó Monacháin tar éis bháis
Tá an gníomhaí Gaeilge aitheanta as Cúige Uladh Tomás Ó Monacháin tar éis bháis in aois a shé bliana déag agus ceithre scór.
Iar-phreasoifigeach le Sinn Féin os comhair cúirte i nDoire
Tá Michael McMonagle, iar-phreasoifigeach le Sinn Féin tugtha os comhair cúirte i gcathair Dhoire. Bhí barántas cúirte eisithe ina choinne nuair nár tháinig sé os comhair cúirte níos túisce sa tseachtain.
Foinse ón Úcráin ag rá gur éirigh le hionsaí dróin sa Mhuir Dhubh
Rinneadh cuid mhór damáiste do long cogaidh de chuid na Rúíse in ionsaí buamála dróin a tharla sa Mhuir Dhubh.
Fear (74) ciontaithe i ndúnmharú mná 40 bliain+ ó shin
Tá fear 74 bliain d'aois ciontaithe i ndúnmharú mná i gCo.Chorcaí suas le 42 bliain ó shin. Bhí an giúiré ar aon intinn go raibh Noel Long freagrach as dúnmharú Nora Sheehan i mí Meithimh 1981.
Ryanair cáinteach ar ordú srianta in Aerfort Bhaile Átha Cliath
Tá an t-ordú atá déanta ag Comhairle Contae Fhine Gall maidir le srian a chur ar lion na n-eitiltí thar oíche ag Aerfort Bhaile Átha Cliath cáinte go láidir ag aerlíne Ryanair.
Míshásamh i dTrí Lí faoi phóstaer Hitler den Tánaiste
Tá daoine i dTrá Lí i gCo Chiarraí ag cáineadh na bpóstaer atá crochta sa gceantar ina bhfuil an Tánaiste Micheál Martin curtha i gcosúlacht Adolf Hitler.
Trump cúisithe faoi iarracht Olltoghchán 2020 a chur ar ceal
Tá cúisitheoirí Feidearálacha i Meiriceá tar éis 4 chúis a chur i leith Donald Trump faoi na hiarrachtaí a rinne sé torthaí an olltoghcháin a bhí sa tír mí na Samhna 2020 a chur ó mhaith agus é féin a fhágáil i gcumhacht.