Rialtas le comhoibriú le fiosrúchán faoi bhuamáil na hÓmaí

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, go gcomhoibreoidh Rialtas na hÉireann go hiomlán le fiosrúchán reachtúil na Breataine maidir le buamáil na hÓmaí.

25 bliain is an lá inniu, ar an 15 Lúnasa 1998, maraíodh 29 duine agus beirt leanaí sa bhroinn nuair a phléasc buama a bhí fágtha ag easaontóirí poblachtacha i ngluaisteán i lár bhaile na hÓmaí i gCo Thír Eoghain.

Ag searmanas cuimhneacháin san Ómaigh tráthnóna inniu, leagadh bláthfhleasca san áit ar phléasc an buama.

Chomh maith leis an gcúpla sa bhroinn, bhí páiste scoile as an Spáinn, triúr buachaillí óga as Bun Cranncha, Co Dhún na nGall, agus cúigear páistí eile i measc na marbh.

In 2009, fuarthas ceathrar fear freagrach as an mbuamáil i gcás sibhialta a thug gaolta na marbh ach níl aon duine ciontaithe sa sléacht i gcúirt choiriúil go dtí seo.

D'fhógair Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris i mí Feabhra seo caite go mbunódh Rialtas na Breataine fiosrúchán neamhspleách i mbliana maidir leis an mbuamáil.

Tá dréacht-théarmaí tagartha an fhiosrúcháin curtha ar fáil do Rialtas na hÉireann cheana féin ach dúirt an Tánaiste gur mian le cathaoirleach an fhiosrúcháin, an breitheamh as Albain Alan Turnbull, gur mian leis iad a phlé leis na daoine is mó a d'fhulaing mar gheall ar an mbuamáil sula bhfoilseofar iad.

I ráiteas, dúirt an Tánaiste go raibh buamáil na hÓmaí ar cheann de na huafáis ba bhrúidiúla dár tharla riamh in Éirinn agus thug sé le fios go raibh oifigigh an Stáit seo réidh le comhoibriú le lucht an fhiosrúcháin sa Bhreatain a luaithe a gheobhas siad treoir.

Dúirt sé go bhfuiltear ag fanacht le tuilleadh eolais faoi chineál an fhiosrúcháin a bheas ann agus go bpléifidh sé féin, an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee, chomh maith leis an gcuid eile den Chomhaireacht, go bpléifidh siad rannpháirtíocht an Stáit seo san fhiosrúchán nuair a bheas an t-eolas sin faighte acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ