Tuigtear go bhfuil suas le 30 duine marbh de bharr na dtuilte i dtuaisceart na Síne.
Tá lucht tarrthála ar a ndícheall ag iarraidh teacht ar dhaoine atá ar iarraidh.
Tá na mílte duine eile atá faoi bhagairt ag na tuilte á n-aslonnú.
Deirtear go bhfuil cuid mhór damáiste déanta do chúrsaí curadóireachta agus bia ansin, agus suas le 5 mhilliún tonna arbhair scriosta.
Tá barraí rís buailte freisin.
Mar bharr ar an donas ansin, tá tuilleadh droch-aimsire geallta agus stoirm Khanun ar an mbealach.
Tá an boilsciú maidir le hearraí bia dona go leor cheana féin go domhanda a bhuíochas don chogadh san Úcráin ach deirtear go gcuirfidh sé seo tuilleadh le fadhbanna.