Stráice de chuarbhóthar N22 i gCo.Chorcaí oscailte

  • Last Updated:

Osclaíodh stráice 8 gciliméadar inniu de chuarbhóthar an N22 idir Baile Bhúirne agus Má Chromtha i gCo.Chorcaí.

Bainfidh othair as Co.Chiarraí a mbíonn orthu taisteal go hOspidéal na hOllscoile Corcaigh le cóir leighis ailse a fháil, an-leas as an mbóthar nua.

Lá suntasach a bhi i gCorcaigh inniu agus stráice nua de chuarbhóthair an N22 idir Baile Bhúirne agus Maigh Chromtha ag oscailt. stráice a fheabhsóidh coinníollacha taistil go mór agus a laghdóidh amanna taistil do thiománaithe.

Bhí ábhar ceiliúrtha i gCiarraí freisin, go h-áirithe d'othair a fhaigheann cóir leighis d’ailse agus a mbíonn orthu taisteal go Corcaigh.

Tugann Grúpa Tacaíochta maidir le hAilse Chiarraí (Kerry Cancer Support Group) na mílte othar chuig Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh gach bliain chun radaíocht agus cóir leighis a fháil.

Deir siad go bhfuil athrú mór tagtha ar an turas sin de dheasca an bhóthair nua.

Bunaíodh an tseirbhís deonach seo ceithre bliana déag ó shin nuair a bunaíodh ionad barr feabhais in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh ina dtugtar cóir leighis le haghaidh ailse.

Anois freastalaíonn an bus seo ar dhaoine ar fud Cho. Chiarrai agus ar fud iarthar Chorcaí chun iad a thabhairt chuig agus a thabhairt thar n-ais ón ospidéal tar éis dóibh radaíocht agus coireanna leighis eile a fháil d’ailse.