Tá athraitheach nua ar Covid-19, dá ngairtear Earas, taifeadta go hoifigiúil in Éirinn, de réir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Is ón athraitheach Oimiocrón a shíolraigh Earas.
Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach ábhar róbhuartha ná ábhar róshuime é an t-athraitheach nua ach go bhfuiltear ag déanamh monatóireacht ar an scéal mar sin féin.
Os a choinne sin, deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil Earas níos in-tarchurtha ná athraithigh eile agus gurb é is siocair le ráigeanna Covid-19 a bhí in ospidéil agus in áiteanna eile sa tír seo le deireanas.
Ar a shon sin, níl daoine níos breoite dá bharr ná mar a bheidís dá mba athraithreach eile a bhí tolgtha acu.
Deirtear go bhfuil Earas ag scaipeadh go hidirnáisiúnta mar go bhfuil daoine ag teacht le chéile faoi dhíon níos minice agus ag taisteal níos minice ó tháinig deireadh leis an bpaindéim.
Chomh maith leis sin, a deirtear, tá imdhíonacht daoine ag dul i léig.
Tá sé dearbhaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil 408 duine le Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, ar ghualainn 121 duine coicís ó shin.
Tá dháréag den 408 in aonaid dianchúraim, le hais aon duine dhéag coicís ó shin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ