An Úcráin: deichniúr maraithe de bharr ionsaithe diúracán

Tuairiscítear gur maraíodh ochtar agus gur leonadh os cionn 30 duine eile nuair a scaoil fórsaí Rúiseacha dhá dhiúracán le baile Pokrovsk in Oblast Donetsk in oirthear na hÚcráine aréir.

Dar le gobharnóir Donetsk gur maraíodh cúigear sibhialtach nuair a phléasc an chéad diúracán.

Thug sé le fios gur maraíodh an triúr eile – beirt ó na seirbhísí éigeandála agus saighdiúir – nuair a phléasc an dara diúracán agus iad ag teacht chun fóirithinte ar an dream a gortaíodh.

Dúirt sé freisin gur sibhialtaigh ab ea bunáite na ndaoine a gortaíodh.

Tuigtear gur bhuail ceann de na diúracáin óstán agus bialann.

Tá Pokrovsk thart ar 80 ciliméadar siar ó thuaidh ó chathair Donetsk, gar do bhrollach an chatha.

Bhí 60,000 duine ina gcónaí sa bhaile sula ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin bliain go leith ó shin.

Tuairiscítear chomh maith beirt shibhialtach a bheith maraithe agus cúigear a bheith gortaithe de bharr ionsaí diúracán ar shráidbhaile Kruhliakivka in Oblast Kharkiv, gar don teorainn leis an Rúis.

Tá Kruhliakivka suite taobh le habhainn mhór an Oskil agus tá dianchogaíocht ar bun sa cheantar le roinnt seachtainí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ