Tá fear 74 bliain d'aois ciontaithe i ndúnmharú mná i gCo.Chorcaí suas le 42 bliain ó shin.
Bhí an giúiré ar aon intinn sa Phríomh Chúirt Choiriúil i mBaile átha Cliath go raibh Noel Long freagrach as dúnmharú Nora Sheehan i mí Meithimh 1981.
Breis is 5 uair a chloig go leith a chaith an giúiré de sheachtar fear agus ceathrar ban i mbun machnaimh thar thréimhse 3 lá.
Tá príosún saoil gearrtha ar Noel Long, ón Meall Bán,An Pasáiste Thiar i gCo.Chorcaí.
Bhí Nora Sheehan ar iarraidh ar feadh 6 lá i Meitheamh 1981 sula dtáinig oibrithe foraoise ar a corp.
I ráiteas tionchair íospartaigh ó mhuintir Nora Sheehan dúradh go mba uafásach an ní é do chlann máthair a chailliúint ag aois chomh hóg agus go raibh an crá croí agus an bhuairt a bhain leis tagtha chun cinn ó ghlúin go glúin.
Lasmuigh den chúirt ghabh an Cigire-Sáirsint Joe Moore buíochas le chuile dhuine a chabhraigh thar na mblianta leis an gcás seo a thabhairt chun cinn.