Trump cúisithe faoi iarracht Olltoghchán 2020 a chur ar ceal

Tá cúisitheoirí Feidearálacha i Meiriceá tar éis 4 chúis a chur i leith Donald Trump faoi na hiarrachtaí a rinne sé torthaí an olltoghcháin a bhí sa tír mí na Samhna 2020 a chur ó mhaith agus é féin a fhágáil i gcumhacht.

Cás eile coiriúil atá á ullmhú in aghaidh an iar-Uachtaráin, gan é ach roinnt seachtaine ó cúisíodh é faoi eolas rúnda slándála de chuid na Stát Aontaithe a choinneáil ina sheilbh go mídhleathúil.

Cuireadh na cúisimh nua os comhair Chúirt Dúiche Feidearálach i Washington DC inniu: cúis faoi chomhcheilg le calaois a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe, cúis faoi chomhcheilg le bac a chur ar imeachtaí oifigiúla, cúis faoi bhac a chur ar imeachtaí oifigiúla, agus cúis faoi chomhcheilg in aghaidh cearta.

Sonraítear go lom i gcáipéis 45 leathanach atá réitithe ag an abhchóide speisialta Jack Smith an chaoi gur scaip Donald Trump agus a chuid giollaí líomhaintí bréagacha go raibh calaois déanta le torthaí an toghcháin, an chaoi gur ullmhaigh siad toghthóirí bréagacha, agus an chaoi go ndearna siad iarracht bac a chur ar dheimhniú thoghchán an Uachtaráin nua Joe Biden ar ócáid a inshealbhaithe, an 6ú Eanáir 2021, nuair a tarraingíodh círéib sa gCaipeatól ina bhfuil Comhdháil Sheanadóirí na Stát Aontaithe.

Rudy Giuliani, duine de dhlíodóirí Trump

Luaitear seisear lucht comhcheilge ina theannta agus cé nach bhfuil ainm curtha leo táthar ag tuairisciú i Meiriceá go bhful leithéid Rudy Giuliani, Sidney Powell, John Eastman agus Ken Chesebro (comhairleoirí dlí de chuid Trump) chomh maith le Jeff Clark (iarfheidhmeannach san Roinn Dlí agus Cirt) ina measc.

"Theip ar Donald Trump sa toghchán ach ar feadh breis is 2 mhí scaip sé bréaga go raibh calaois déanta san vótáil agus go raibh an toghchán buaite aige. Bréaga a bhí san méid sin agus bhí a fhios ag Donald Trump gur bréaga a bhí iontu" a deir bileog na gcúiseamh ina aghaidh.

"Chothaigh Donald Trump dian-atmaisféar amhrais agus feirge ar mhaithe le muinín an phobail i riaradh toghchán a chreimeadh" a deirtear freisin san gcúiseamh.

Tá cur síos san gcúiseamh ar chomhcheilg fhairsing a d'eagraigh Trump agus a chuid leifteanant le toghthóirí bréige a aimsiú le dallamullóg a chur ar an LeasUachtarán ag an am Mike Pence in iarracht brú a chur air-san amhras a chaitheamh ar thoradh an toghcháin.

Lucht leanúna Trump an 6ú Eanáir 2021 i mbun ruathair ar an gCaipeatól

Nuair a theip ar an seift sin a deir na cúisimh rinne Trump iarrachtaí eile bac a chur ar dheimhniú an toghcháin agus bhain sé leas as corraíl agus círéib an 6ú Eanáir le "bréaga faoi chalaois toghcháin" a scaipeadh le brú a chur ar Sheanadóirí fíor-thoradh na vótála a chur ar neamhní.

An Leasuachtarán a bhí ag Trump, Mike Pence

Creidtear gur ón iar-Leasuachtarán Mike Pence a thagann cuid den fhianaise is láidre in aghaidh Donald Trump i bhfoirm fianaise agus "cuntais chomhaimseartha" atá faighte ag an ardghiúiré le linn a gcuid fiosruithe.

An Breitheamh Tanya S. Chutkan

Beidh an cás faoi stiúir Tanya Chutkan – breitheamh sa gCúirt Dúiche a ceapadh le linn réimeas Obama – breitheamh a ghearr pionóis níos géire ar an meán ar lucht círéibe a ciontaíodh faoin ionsaí ar an gCaipeatól, pionóis níos géire fiú ná mar a bhí á lorg ag na cúisitheoirí.

I 2021 rialaigh an Breitheamh Chutkan in aghaidh iarrachtaí Donald Trump cosc a chur ar Roghchoiste an tSeanaid taifid an Uachtarán a fhiosrú mar chuid d’fhiosrúchán an tSeanaid faoi ionsaí an 6ú Eanáir.

Rialaigh sí ag an am "Ní rí é an t-uachtarán, agus ní uachtarán a thuilleadh é an gearánaí".