Ógánach os comhair cúirte faoi ionsaí ar fhear i nDún Dealgan

  • Last Updated:

Tugadh buachaill sé bliana déag d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Troim i gCo na Mí inniu agus é cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar fhear i nDún Dealgan tráthnóna arú inné.

Ní féidir an buachaill a ainmniú ós mionaoiseach atá ann.

Ionsaí ar mhórdhíobháil a thoradh an cion atá curtha ina leith.

Dúradh sa chúirt gur ionsaíodh fear 23 bliain d'aois gar d'Óstán an Imperial i nDún Dealgan tráthnóna Dé Domhnaigh agus gur bhain drochghortuithe dá éadan dá bharr.

Ceadaíodh bannaí don ógánach ar acht nach mbeadh aon teagmháil aige leis an té a ionsaíodh agus go bhfuireodh sé ó lár bhaile Dún Dealgan, ach amháin nuair a bheadh sé ag dul i gcomhairle lena dhlíodóirí nó ag dul chuig an stáisiún Gardaí.

Tabharfar os comhair Chúirt Dúiche Dhún Dealgan é ar an 6 Meán Fómhair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ