Tá 19 bliain breise curtha le téarma príosúnachta Alexei Navalny,ceannaire an fhreasúra sa Rúis.
Fuarthas ciontach é i roinnt cúiseanna eile atá curtha ina leith thall ansin.
Áirítear Alexei Nalavny ar an té is iomráití sa Rúis a bhfuil seasamh glactha aige in aghaidh pholasaithe Uachtarán na tíre sin,Vladimir Putin.
Tá 11 go leith bliain á chur isteach cheana féin i bpríosún sa Rúis ag Navalny faoi chúiseanna áirithe, caimiléireacht ina measc.
Deir Navalny féin, atá 47 bliain d'aois nach bhfuil bun ná barr leis na cúiseanna ina choinne, ach go bhfuil sé curtha i bpríosún le go bhfanfaidh sé ina thost.
Tá cinneadh údaráis na Rúise cáinte go géar ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an Aontas Eorpach.