Nuacht
Grág an Traonaigh níos fairsinge le 5 bliana anuas.
Tá grág sainiúil an Traonaigh le cloisteáil níos fairsinge anois agus ardú 35% tagtha le cúig bhliana ar líon na n-éan seo in Éirinn, éan atá imithe in éag ina lán tíortha eile san Eoraip.
- Físeán
- Nuacht
Am saor, pá iomlán mar gheall ar fhoréigean sa bhaile deimhnithe
Tá sé dearbhaithe ag an Rialtas gur ón bhfómhar a bheas daoine a fhulaingíonn foréigean sa teaghlach i dteideal a dtuarastal iomlán a fháil má chaithfidh siad am saor a thógáil óna gcuid oibre.
‘€10m ró-dhaor le talamh sa Chonair a cheannach’-Taoiseach
Deir an Taoiseach gur mhaith leis an rialtas Páirc Náisiúnta a fhorbairt sa Chonair i gContae Chiarraí. Deir Leo Varadkar áfach go gcaithfí an talamh a cheannach ar phraghas réasúnta.
Léirsiú ag feirmeoirí i gceantar na Sionainne
Tá léirsiú ag feirmeoirí i gCo.Uíbh Fhailí ag iarraidh go dtarraingeofaí aird ar leibhéal an uisce in abhainn na Sionainne a bheith ag ardú.Cothaíonn tuilte fadhbanna sa cheantar feirmeoireachta idir Áth Luain agus Port Omna.
Rabhadh faoin aimsir tugtha ag Met Éireann
Tá Met Éireann i ndiaidh rabhadh a thabhairt maidir le báisteach throm agus gaoth láidir atá fógraithe don tír i gcaitheamh an deireadh seachtaine saoire bainc seo.
‘Drochlá do Mheiriceá mise bheith os comhair cúirte’-Donald Trump
Dúirt iar-Uachtarán na Stát Aontaithe,Donald Trump go mba bhrónach an lá é dá thír go gcaithfidh sé a bheith os comhair cúirte.
Imní i gCorca Dhuibhne faoi “Mhíchruinneas tithe saoire san CSO”
Deir gníomhaithe pobail i gCorca Dhuibhne go bhfuil léargas míchruinn ar an ngéarchéim tithíochta sa gceantar á thabhairt sna staitisticí tithíochta atá foilsithe le déanaí ag an bPríomhOifig Staidrimh (an CSO).
Fáilte abhaile ach doiléire go fóill faoin Saoiste
Bhí ríméad ar ghaolta agus ar lucht tacaíochta inniu agus iad ag cur fáilte abhaile roimh fhoireann na hÉireann ag aerfort Bhaile Átha Cliath tar éis a bhfeachtas ag Corn an Domhain i Sacar na mBan.
Lucht turasóireachta an Chláir ag casaoid faoi lóistín teifeach
Tá litir seolta ag Fóram Turasóireachta Chontae an Chláír go dtí an tAire Lánpháirtíochta Roderick O'Gorman ag achainí air an lonnaíocht do lucht lorgtha dídine ón gcoigríoch a "roinnt níos cothroime" ar fud na tíre.
6 seachtaine ag Aerfort BÁC eitiltí oíche a laghdú
Tá ordú faighte ag Aerfort Bhaile Átha Cliath an líon eitiltí thar oíche a laghdú de bharr go bhfuil srianta pleanála a bhaineann le rúidbhealach nua sáraithe acu.
Carr a bhuail faoi chrann ba chúis le bás bheirt chailíní óga
Thug na gardaí le fios tráthnóna gur gluaisteán a d'imigh ó smacht ar bhóthar an N54 agus a bhuail faoi chrann ba chúis le bás bheirt chailíní óga i gCo.Mhuineacháin inné.Tharla an taisme go gairid roimh a 7 a'chlog soir ó thuaidh de Chluain Eois.