Fear a hionsaíodh i gCo na Mí go dona tinn san ospidéal

  • Last Updated:

Deir na Gardaí gur bhain drochghortuithe d’fhear sna fichidí a hionsaíodh i gCo na Mí tráthnóna inné.

Is i mBaile Átha Buí ag thart ar 7.30 tráthnóna inné a hionsaíodh an fear.

Tugadh é go hOspidéal an Mater i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuil sé faoi dhianchúram i gcónaí.

Ghabh na Gardaí fear sna tríochaidí tar éis dó é féin a thabhairt ar láimh dóibh i Stáisiún Gardaí Cheanannais.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ.