Barr ar 400 folúntas múinteoireachta i scoileanna dara leibhéal

  • Last Updated:

Tá scoileanna dara leibhéal "faoi straidhn ollmhór" agus na céadta folúntas le haghaidh múinteoirí fós gan líonadh coicís roimh an scoilbhliain nua, dar le Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire.

I ráiteas, dúirt an Cumann go bhfuil 416 folúntas múinteoireachta á bhfógairt faoi láthair ar an suíomh gréasáin earcaíochta educationposts.ie.

I suirbhé a rinne an Cumann i gcomhar le Red C níos túisce i mbliana, tugadh le fios go raibh folúntais i mbeagnach 50% de scoileanna dara leibhéal na tíre.

Tá iarrtha ag Ard-Rúnaí an Chumainn Kieran Christie ar an Aire Oideachais Norma Foley dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí, ar "géarchéim" é, arsa sé.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Mac Críosta gurb é fírinne an scéil nach bhfuil gairm na múinteoireachta chomh tarraingteach agus a bhíodh mar gheall ar an bpá íseal agus ar an laghad deiseanna dul chun cinn.

Fágann sin, a dúirt sé, go bhfuil múinteoirí nuacháilithe ag dul ag obair lear, go háirithe go dtí Dubai, Ceanada agus an Astráil.

I ráiteas, dúirt an Roinn Oideachais cé go bhfuil deacrachtaí ann maidir le múinteoirí a earcú go bhfuil tacaíochtaí breise tugtha isteach le súil an tsnaidhm a scaoileadh, cuir i gcás, scéim phíolótach a cheadaíonn do dhá scoil múinteoirí a roinnt nuair is ábhar fíorthábhachtach atá i gceist.

Ina cheann sin, a dúradh sa ráiteas, tá scéim eile ann a bhfuil sé mar aidhm aige cur le scileanna múinteoirí Gaeilge.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ