Tá sé fógraithe ag an cheardchumann SIPTU go bhfuil thart ar 2000 oibrí dóiteán ar áirithíocht ag fáil faoi réir le dul i mbun stailce sna seachtainí atá romhainn.
Deir SIPTU go bhfuil an rialtas i mbun iarrachtaí leis an stailc a bhriseadh, de bharr go bhfuil sé ag tabhairt cluais bhodhar dóibh agus na haidhmeanna atá acu.
Deir sé freisin go mbeidh méadú ar an méid staisiún dóiteáin a thiocfaidh faoi thionchar na stailce mura mbíonn réiteach sásúil ar an aighneas.
Suas le 100 stáisiún dóiteáin a bheidh dúnta de thoradh an aighnis.