Tá grág sainiúil an Traonaigh le cloisteáil níos fairsinge anois agus ardú 35% tagtha le cúíg bhliana ar líon na n-éan seo in Éirinn, éan atá imithe in éag ina lán tíortha eile san Eoraip.
Cé go bhfuil na huimhreacha fós íseal, tá an líon éan fireann imithe os cionn 200 den chéad uair le deich mblaina, agus 218 éan fireann ar an taifead anois ag an tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra (NPWS)
I nDún na nGall, Maigh Eo agus Gaillimh a tugadh an traonach faoi deara, ach tá a ghlór sainiúil cloiste freisin i Sligeach agus i gCiarraí..
Den chéad uair le 25 bhliain, tugadh an traonach faoi deara ar na hOileáin Árann
Tharla an fás seo as comhar caomhnaithe idir fheirmeoirí agus phobail áitiúla, an Corncrake Life Project agus an NPWS.
As iarthar na hAfraice a dhéanann an traonach an turas 6,000km go hÉirinn, agus gan iad ach chomh mór leis an londubh.
Tá cúthail orthu agus éalaíonn siad chuig clúdach an mhóínéir agus na plandaí a fhásanna ann, agus ina leithéid d'áit a théann siad i mbun shéasúr na cúplála.
Má éiríonn leis an gcúpláil, is féidir leis an gcearc dhá ál a thógáil, agus suas le deich sicín bheith i ngach ál, sula bhfillfidh sí ar an Afraic go luath san Fhómhar.
Is iondúil go dteitheann an traonach fireann níos luaithe ná sin, ach fhad atá sé anseo, déanann sé callán ar leith.
Is féidir leis tosú ar an ngrágaíl roimh mheán oíche agus a grág a ligean uaidh os cionn 10,000 uair i rith na hoíche.
Is ionann na figiúirí is deireanaí seo agus ardú 82% i líon na dtraonach in Éirinn ó taifeadadh 120 éan go luath san 1990aí.