Tá easaontóírí poblachtacha ag maíomh go bhfuil cuid den bhfaisnéis a sceitheadh sa sárú ar shonraí a tharla le deireanaí, dar le Príomh-Chonstábla an PSNI.
Dúirt Simon Byrne inniu go raibh an fórsa ag cur comhairle ar chomhaltaí agus ar bhaill eile foirne faoin mbaol a bhaineann leis seo agus faoi aon bhaol eile a d'fhéadfadh éirí aníos.
Ní dhearnadh aslonnú ar aon comhalta óna theach cónaithe, a dúirt sé, ach bhí siad ag déanamh measúnú ar roinnt speisialtóirí a chur ag obair in áít eile seachas a ngnáthláthair oibre.
Tá 500 cás tagtha faoi bhráid ghrúpa atá bunaithe anois ag an PSNI leis an leibhéal baoil a mheasúnú i ngach cás.
D'admhaigh Simon Byrne go raibh imní ar chomhaltaí agus go raibh údar acu. Tá sárú freisin ar an muinín a bhí ag an bpobal sa PSNI de bharr fhaisnéis mar seo a bhí le cosaint go cúramach sceite faoi shúile an phobail.
Bhí an-aiféala air faoin sárú a bhí ar 'scála tionsclaíoch', a dúirt an Príomh-Chonstábla, a bhí ag labhairt tar éis chruinniú den Bhord Póilíneachta a gairmeadh de bharr an tsáraithe.
Tharla sárú ar shonraí na seachtaine seo de bharr fhreagra a thug an PSNI ar Iarratas ar Shaoráil Faisnéise a d'iarr líon iomlán na n-oigifeach agus na mball foirne i ngach rang den eagraíocht
San fhreagra ar an iarratas agus a foilsíodh, tharla go raibh tábla eolais leabaithe ann a chuimsigh faisnéis faoi rang agus grád na foirne, ach a thug freisin sloinne, inisil, ionad iobre agus rannóg gach fostaí de chuid an PSNI.
Is féidir go raibh rochtain phoiblí ar an bhfaisnéis seo ar feadh achar idir dhá uair go leith agus trí huaire.
Bhain an dara sárú seo le ríomhaire glúine, raidió agus cáipéisí a goideadh ó fheithicil in Aontroim os cionn mhí ó shin.
I measc na gcáipéisí a tógadh bhí bileog a chuimsigh ainmneacha breis agus 200 oifigeach agus ball foirne.