Am saor, pá iomlán mar gheall ar fhoréigean sa bhaile deimhnithe

Tá sé dearbhaithe ag an Rialtas gur ón bhfómhar a bheas daoine a fhulaingíonn foréigean sa teaghlach i dteideal a dtuarastal iomlán a fháil má chaithfidh siad am saor a thógáil óna gcuid oibre.

Tá na rialacháin agus treoirlínte d'fhostóirí á ndréachtú faoi láthair ag an gcarthanas Women's Aid.

Is faoin Acht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil a ritheadh níos luaithe i mbliana atá an polasaí nua á thabhairt isteach.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an tAire Comhionannais Roderic O'Gorman go maolódh an polasaí an imní faoi chúrsaí airgeadais a bhíonn ar dhaoine a fhulaingíonn foréigean sa teaghlach, agus go dtabharfadh sé uain agus acmhainn bhreise dóibh chun dul i ngleic leis an éigeandáil.

De réir na rialachán, arsa sé, beidh ar fhostaithe a rá lena bhfostóirí gur mar gheall ar fhoréigean sa teaghlach atá an t-am saor de dhíth orthu ach ní bheidh aon oibleagáid orthu a scéal a chruthú.

Dhearbhaigh an tAire O'Gorman chomh maith mura mbeadh fostóir sásta glacadh le hiarratas ar am saor go bhféadfadh an fostaí dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ós polasaí nua agus nuálach é, a dúirt sé, déanfar athbhreithniú air tar éis dhá bhliain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ