Tá Met Éireann i ndiaidh rabhadh a thabhairt maidir le báisteach throm agus gaoth láidir atá fógraithe don tír i gcaitheamh an deireadh seachtaine saoire bainc seo.
Beidh an Stádas Buí aimsire i bhfeidhm do Chonnacht agus don Chabhán ón 2 a' chlog tráthnóna inniu agus leanfaidh sé sin go dtí a 9 a'chlog maidin amárach.
D'fhéadfadh tuilte agus fuarlaigh a bheith in áiteanna agus tá rabhadh eisithe freisin go bhféadfadh contúírt a bheith ag baint le taisteal.
Tá Stádas báistí Buí ann freisin do chontaetha i gCúíge Laighean chomh maith le Co.Mhuineacháin tráthnóna inniu.
Beidh sé sin i bhfeidhm ón 6 a'chlog tráthnóna inniu go dtí a 1 a'chlog san iarnóin amárach.