Léirsiú ag feirmeoirí i gceantar na Sionainne

Tá léirsiú ag feirmeoirí i gCo.Uíbh Fhailí ag iarraidh go dtarraingeofaí aird ar leibhéal an uisce in abhainn na Sionainne a bheith ag ardú.

Cothaíonn tuilte fadhbanna sa cheantar feirmeoireachta idir Áth Luain agus Port Omna.

Suas le 200 feirmeoir atá bailithe le chéile ag Droichead Bheannchair.

Tá an agóid seo dírithe ar Uisce Éireann, ar Uiscí Intíre Éireann agus ar eagraíochtaí eile.

Abhainn na Sionainne ardaithe de bharr titim throm báistí i mí Iúil

Deir na feirmeoirí go raibh mí Iúil go speisialta i mbliana thar a bheith fliuch agus go bhfuil na mílte heictéar sa gceantar sin báite dá bharr.

Fágann sin gann iad ar bhia dá gcuid ainmhíthe agus 'níl an oiread céanna féir ná sadhlais ar fáil de bharr an oiread sin den talamh a bheith faoi uisce' a deir na feirmeoirí.

I ráiteas ón eagraíocht Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA), deir sé 'nach bhfuil aon ghníomh fónta ann go dtí seo le fadhb seo na dtuilte a réiteach'.

Deir Uachtarán an IFA, Tim Cullinan gur cuireadh Oifig na nOibreacha Poiblí ar an eolas faoin bhfadhb ach 'nach leor a bhfuil déanta'.

Deir seisean go dteastaíonn 'áisíneacht ar leith anois le bainistiú a dhéanamh ar abhainn na Sionainne tré chéile lena chinntiú nach dtagann a léithid de ghéarchéim arís'.