Deir an Taoiseach gur mhaith leis an rialtas Páirc Náisiúnta a fhorbairt sa Chonair i gContae Chiarraí.
Deir Leo Varadkar áfach go gcaithfí an talamh a cheannach ar phraghas réasúnta.
Tá 1,400 acra sa ghabháltas sléibhe agus €10m atá an t-úinéir Meiriceánach ag lorg air.
Tá an talamh á dhíol in aon ghabháltas amháin.
San áireamh sa 1,400 acra tá cheithre cinn de lochanna, 400 acra foraoise, mar aon le fothracha seana-thithe.
Ta cáil idirnáisiúnta ar an gConair, limistéir sléibhe i gcroílár Chorca Dhuibhne a mhealann na céadta míle turasóir gach bliain.
Deir an ceantálaí áitiúil, Mike Kennedy go bhfuil ana-chuid spéise léirithe sa talamh ag ceannaitheoirí as Éirinn agus infheisteoiri idirnáisiúnta ó fógraíodh ar díol é Dé Luain seo caite.
Ach tá lucht comhshaoil ag éileamh go gceannódh an stát an talamh sa Chonair agus go ndéanfaí forbairt ar pháirc náisiúnta ann.
Deir Peadar Ó Fionnáin, iarrthóir de chuid an Chomhaontais Ghlais i gCorca Dhuibhne, go bhféadfaí áis iontach a chur ar fáil don bpobal a dhéanfadh caomhnú ar an dúlra agus a spreagfadh bithéagsúlacht sna tailte sléibhe.
Tá a nguth curtha ag eagraíochtaí oidhreachta agus dúlra leis an éileamh sin agus feachtas ag bailiú fuinnimh.
Tá breis agus 4,000 ainm curtha go dti seo le achainní ar líne a hosclaíodh inné.
Inniu dúirt an Taoiseach gur mhaith leis cur le páirceanna náisiúnta na tíre.
Dúirt Leo Varadkar gur mhaith leis an rialtas labhairt leis an úinéir ach go raibh €10m euro ró-chostasach agus go gcaithfeadh an Stát margadh níos fear a fháil.