Dúirt iar-Uachtarán na Stát Aontaithe,Donald Trump go mba bhrónach an lá é dá thír go gcaithfidh sé a bheith os comhair cúirte.
Tá Donald Trump tar éis pléadáil neamhchiontach maidir leis na cúiseanna atá curtha ina leith, sé sin go raibh sé i gceannas ar chomhcheilg choiriúil in aghaidh phobal na Stát Aontaithe agus é i gceist go gcuirfí toradh thoghchán na huachtaránachta i 2020 ar neamhní le go bhfanfadh sé féin i gcumhacht.
Tá cúisitheoirí Feidearálacha i Meiriceá tar éis 4 chúis a chur i leith Donald Trump.
Deir Donald Trump nach bhfuil sna cúiseanna ar fad ach iarracht pholaitiúil lena chinntiú nach mbíonn sé san iomaíocht i dtoghchán na huachtaránachta an bhliain seo chugainn.
Faoi láthair, is é Trump rogha na coitiantachta le bheith san iomaíocht don pháirtí poblachtánach.
Beidh an chéad éisteacht eile den chás seo ann ar an 28ú Lúnasa.
D'fhéadfadh sé go socrófaí faoin dáta sin Donald Trump a chur ar a thriail.