Lucht turasóireachta an Chláir ag casaoid faoi lóistín teifeach

Tá litir seolta ag Fóram Turasóireachta Chontae an Chláír go dtí an tAire Lánpháirtíochta Roderick O'Gorman ag achainí air an lonnaíocht do lucht lorgtha dídine ón gcoigríoch a "roinnt níos cothroime ar fud na tíre".

Deir an Fóram go bhfuil lucht gnó i mbun cheird na turasóireachta i gCo an Chláir ar gcúl go mór i mbliana de bharr an lear mór seomraí óstáin agus áiseanna eile atá curtha ar fáil ag an Rialtas do theifigh.

Caisleán Bhun Raite

Tá Caisleán Bhun Raite le fada ar cheann de mhórspriocanna ag cuairteoirí sa gcontae ach le breis is bliain tá 300 teifeach ag cur fúthu i limistéar an bhaile.

Is ann atá teach tábhairne agus bialann ag an gcathaoirleach ar an bhFóram Turasóireachta, Maurice Walsh, a deir nach mbíonn aon chuairteoir ar an mbaile san oíche mar nach bhfuil lóistín ann dóibh.

Tá siopaí beaga agus lucht eile gnó a bhíodh ag brath ar thurasóirí a deir sé buailte go dona.

Fógra i mBaile Uí Bheacháin i gCo an Chláir

Tá litir curtha ag an bhFóram chuig an Aire O’Gorman ag iarraidh air lucht lorgtha dídine a roinnt ar bhealach "níos cothroime" in áiteanna eile sa tír.

Deir an Fóram go bhfuil 37% do na leapacha lóistín agus óstáin sa gcontae anois ag teifigh.

Inis Díomáin

Deir Pat Tierney – tábhairneoir in Inis Díomáin – go mbíodh ceol sa teach ósta aige 3 oíche in aghaidh na seachtaine le linn shéasúr na gcuairteoirí.

I mbliana áfach níl sé ag íoc as aon cheol a deir sé mar nach bhfuil aon chuairteoir san áit san oíche.

Tá an Fóram ag éileamh ar an Aire Lánpháirtíochta an phlean atá ag an Rialtas faoi lonnú teifeach sna míonna atá romhainn a fhoilsiú, le go bhféadfaidh earnáil na turasóireachta réiteach chuige agus pleanáil dá réir.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 ag 1900.