Imní i gCorca Dhuibhne faoi “Mhíchruinneas tithe saoire san CSO”

Deir gníomhaithe pobail i gCorca Dhuibhne go bhfuil léargas míchruinn ar an ngéarchéim tithíochta sa gceantar á thabhairt sna staitisticí tithíochta atá foilsithe le déanaí ag an bPríomhOifig Staidrimh (an CSO).

Níl tithe saoire curtha san áireamh i gcatagóir na dtithe folamha i dtuarascáil tithíochta Dhaonáireamh 2022.

Athrú suntasach é sin ar an gcur chuige a bhain le Daonáireamh 2016.

Sa tuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo caite tugtar le fios go raibh breis is 163,000 teach a bhí folamh sa tír ar oíche an daonáirimh.

Tá 48,000 acu sin folamh go buan.

Ach de réir an sainmhíniú tithíochta i nDaonáireamh 2022 níl tithe saoire curtha san áireamh níos mó i gcatagóir na dtithe atá folamh.

Bunaithe ar scagadh atá déanta ar na figiúirí tá Sinn Féin ag maíomh go bhfuil léargas míchruinn ar stoc tithíochta á thabhairt ag an modh nua oibre.

Mar shampla i bparóiste Dhún Chaoin in iarthar Chiarraí áirítear 191 teach.

Níor cláraíodh ach 13 a bheith folamh – 6.8% den iomlán.

Ach cláraíodh 96 teach ina dtithe saoire ná raibh éinne iontu – rud a ardaíonn ráta na dtithe folamha sa gceantar Oíche an Daonáirimh go 57%.

Deir iarrthóir Shinn Féin i gCorca Dhuibhne Roibeard Ó Brosnacháin go bhfuil ag teip ar an bPríomhOifig Staidrimh "pictiúr cruinn agus fírinneach" a thabhairt ar fhadhb na tithíochta i gCorca Dhuibhne.

"Níl fhios agam cad ina thaobh gur athraíodar an cur chuige a bhí acu i 2016. Tá sé fíor-thábhachtach go gcuirfeadh an CSO pictiúr cruinn agus fírinneach ar fáil dúinn. Tá leath na dtithe ina dtithe saoire in áiteanna mar seo agus cuid acu san ní bhíonn éinne iontu ó cheann ceann na bliana. Ta géarghá leis an bpictiúr iomlán chun polasaithe maithe tithíochta a chur i bhfeidhm" a deir an Brosnachánach.

I ráiteas deir an CSO go rangaítear teach ina theach saoire bunaithe ar eolas a bhailítear go háitiúil ach gur beartaíodh líon na dtithe saoire a thabhairt neamhspleach ar fhigiúir na dtithe folamha "mar go raibh éileamh ar an eolas sa riocht sin".

Deir an Phríomhoifig chomh maith nár chóir tithe atá folamh sa Daonáireamh a úsáid mar léiriú ar thithe atá folamh go fad-téarmach ná glacadh leo mar thithe a fhéadfaí a úsáid mar lóistín amach anseo.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Seán Mac an tSíthigh ar Nuacht TG4 ag 1900.