Bhí ríméad ar ghaolta agus ar lucht tacaíochta inniu agus iad ag cur fáilte abhaile roimh fhoireann na hÉireann ag aerfort Bhaile Átha Cliath tar éis a bhfeachtas ag Corn an Domhain i Sacar na mBan.
Bhailigh clann agus cairde, muintir agus lucht leanúna ag an Aerfort le fáilte chroíúil a chur rompu.
Níl aon socrú déanta faoi chainteanna ar chonradh Vera Pauw go fóill ach sular fhág an fhoireann an Astráil dheimhnigh an bainisteoir go mbeadh sí i láthair lena foireann ag an ócáid speisialta atá le bheith ar Shráid Uí Chonaill tráthnóna amárach.
Deir an t-imreoir as Cill Aithnín i gConamara Niamh Fahey go raibh an fhoireann thar a bheith buíoch as an tacaíocht a fuair siad agus iad thar toinn.
Nuair a ceistíodh í faoi thodchaí Vera Pauw dúirt sí gur faoi Chumann Peile na hÉireann an cheist sin a fhreagairt.
Dheimhnigh an FAI ar ball go mbeadh siad "ag tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach as seo go ceann roinnt seachtaine, mar a dhéantar i gconaí tar éis gach mórchomórtas".