6 seachtaine ag Aerfort BÁC eitiltí oíche a laghdú

Tá ordú faighte ag Aerfort Bhaile Átha Cliath an líon eitiltí thar oíche a laghdú de bharr go bhfuil srianta pleanála a bhaineann le rúidbhealach nua sáraithe acu.

Ó Chomhairle Condae Fhine Gall atá an t-ordú tagtha agus tá sé deimhnithe ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath atá i bhfeighil an aerfoirt.

Tá an cinneadh cáinte ag an Údarás, go háirithe a deir siad agus é déanta le linn bhuaic-thréimhse eitlíochta an tsamhraidh.

Mí Lúnasa anuraidh a hosclaíodh an rúidbhealach nua ar an taobh ó thuaidh den aerfort – ar chostas €320 milliún maoinithe ag Údarás an Aerfoirt – cé go raibh go leor de mhuintir na háite ag cur ina aghaidh de bharr an torainn agus fothram a bhainfeadh leis a dúirt siad.

Dá bharr sin a cuireadh srian leis an gcead pleanála a tugadh; nach mbeadh níos mó ná 65 eitilt ar an meán i gcaitheamh ráithe ar an rúidbhealach idir a 11 a chlog san oíche agus a 7 ar maidin.

Tá an coinníoll sin sáraithe ag an aerfort a deir an Chomhairle Condae agus tá 6 seachtaine acu é a chur ina cheart.

Tá "díomá" ar an Údarás faoin bhfógra a deir siad, go háirithe a deir siad "agus é admhaithe cheana ag an gComhairle nach miosúr sainoiriúnaithe é an srian ar líon na n-eitiltí thar oíche agus go bhfuil sé molta acu gur bhfearr 'cuóta fuaime' a fheidhmiú."

Idir an dá linn a deir an tÚdarás ba chóir don Chomhairle an srian a chur i bhfeidhm i gcaitheamh 6 mhí in ait ráithe, rud nach bhfágfadh pleananna paisinéirí agus sceidil lastais ina gcíor thuafail a deir siad.