Thug na gardaí le fios tráthnóna gur gluaisteán a d'imigh ó smacht ar bhóthar an N54 agus a bhuail faoi chrann ba chúis le bás bheirt chailíní óga i gCo.Mhuineacháin inné.
Tharla an taisme go gairid roimh a 7 a'chlog soir ó thuaidh de Chluain Eois.
B'iad Kiea McCann (17) agus Dlava Mohamed (16) an bheirt chailíní a maraíodh sa timpiste.
Bhí na cailíní ag taisteal sa ngluaisteán ar a mbealach chuig cóisir 'Debs' sa mheánscoil ina raibh siad ag freastal uirthi.
Bhí triúr eile sa charr céanna.
Gortaíodh beirt díobh sin go dona.
B'iad sin tiománaí an chairr, fear 60 bliain d'aois agus cailín 18 bliain d'aois.
Tá cóir leighis á cur san ospidéal freisin ar bhuachaill 18 bliain d'aois.
Cuireadh ar ceal an chóisir 'Debs' i gColáiste Learga i gCluain Eois agus bhí an scoil oscailte go deireanach aréir agus arís tráthnóna inniu ar mhaithe le tacaíocht agus seirbhísí comhairleoireachta a chur ar fáil.