Loscadh sléibhe Hawaii fógartha ina mórthubaiste ag Biden

  • Last Updated:

D'fhógair an tUachtarán Joe Biden go loscadh sléibhe Hawaii ina mórthubaiste inniu, beart a scaoilfidh cistí feidearálacha i dtreo stát Hawaii agus oileán Maui go háirithe.

Tá an loscadh tar éis 36 dhuine a mharú agus baile stairiúil a dhó go talamh ann.

Dé Máirt a bhris na tinte scrobarnaigh amach ar chósta thiar an oileáin. D'adaigh gaotha láidre as spéirling ó dheas den oileán leis na tinte, agus ba ghearr go raibh baile Lahaina á dhó agus roinnt dá áitritheoirí ag teitheadh chun na farraige ó chontúirt na tine. B'éigean don Gharda Cósta na daoine sin a tharrtháil ón uisce.

Tá os cionn 800 heicteár dóite freisin agus na céadta teaghlach curtha as a dtithe i Lahaina, áit ar dódh nó a ndearnadh dochar do 270 foirgneamh ar fad.

12,000 duine a bhí ag cur futhu sa baile stairiúíl.

Cé gur tháinig deireadh leis an bhFoláireamh Dearg Dé Céadaoin, tá tinte fós ag dó i Maui agus ar an OIleán Mór.

Táthar ag moladh do chuairteoirí an t-oileán a fhágáíl a luaithe is féídir, ach cheana féin tá eitiltí ó aerphort an oileáin curtha siar nó curtha ar fionnraí ar fad.

Cheadaigh FEMA, gníomhaireacht bainistíochta éigeandála an rialtais fheidearálaigh, iarratas ó Stát Hawaii maoiniú feidearálach a fháíl le dul i ngleic leis an tinte.

Is ionann an faomhadh seo agus 75% de chostaisí Hawaii sa troid in aghaidh na dtinte bheidh clúdaithe ag an Rialtas Feidearálach.