Fainic faoin iascach aonair

  • Last Updated:

Deir an Bord Imscrúdú Taismí Muirí gur cheart don Aire Iompair Fógra Muirí a chur amach, ag meabhrú d'iascairí go bhfuil baol nach beag ag baint le bheith ag iascach id' aonar.

Tá sé seo ar cheann de na moltaí atá déanta ag an mBord ina dtuairisc fé thionóisc a tharla d’iascaire i mBá an Daingin i mí Dheireadh Fómhair anuraidh.

Bhain drochghortaithe do scipéir an bháid An Portán Óir agus é ag iascach gliomach sa Bhá.

Chuaigh cos an fhir i bhfostú i dtéadán, agus ní raibh sé in ann é fhéin a scaoileadh.

Chuaigh na seirbhísí éigeandála i gcabhair air ceithre uair an chloig ina dhiaidh sin, nuair a thug cairde leis an scipéir nach raibh sé tagtha ar ais chun na céibhe, mar a bhí beartaithe. Bhí na cairde curtha ar an eolas faoi chúrsa agus faoi fhad an turas farraige agus bhí siad ag faire ar a fhilleadh chun na céibhe. Beart suntasach é seo a deir a tuarascáíl, a d'fhág gur cuireadh na seirbhísí éigeandála ar an eolas go luath.

Bhain gortuithe tromchúiseacha dá chosa agus chaith 5 oíche san oispidéal.

Molann an tuarascáil go n-eiseodh an roinn Fógra Muirí arís ag meabhrú do lucht iascaigh an baol a bhaineann le turais farraige aonair, go háirithe dóibhsan a bhíonn ag plé le potaí gliomaigh agus an seans go dtiocfar i bhfastó ina dtéada.

Moltar sa tuairisc chomh maith, go mbeadh scian clúaithe ar iompar ag gach iascaire agus iad ag iascach.

via Nuacht an Deiscirt, RTÉ Raidió na Gaeltachta