Caighdeán an chúraim in ionaid de chuid Ability West cáinte

  • Last Updated:

Tá sé curtha in iúl ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte nach bhfuil caighdeáin an chúraim maith go leor, ná baol air, i roinnt ionad le haghaidh daoine atá faoi mhíchumas i nGaillimh.

Ionaid de chuid an charthanais Ability West atá i gceist.

I gceann de na hionaid, a ndearnadh cigireacht air ar thrí ócáid go dtí seo i mbliana, tuairiscíodh nach raibh na caighdeáin shábháilteachta thar mholadh beirte agus nach raibh beartais chuí i bhfeidhm le teacht i gcabhair ar chónaitheoirí dá dtitfidís.

Cé gur tháinig feabhas ar chúrsaí tar éis gach ceann de na cigireachtaí a rinneadh ar an áit, a dúradh, níl siad sách maith fós – idir an líon foirne agus na struchtúir chúraim.

Tá glactha ag Ability West le tuairiscí na gcigirí agus tá sé tugtha le fios ag an gcarthanas go bhfuil tacaíochtaí breise curtha ar fáil do chónaitheoirí ó shin.

D'fhoilsigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte 40 tuarascáil inniu maidir le hionaid do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Níor comhlíonadh na rialacháin agus na caighdeáin chuí i gcás 24 de na cigireachtaí ach, os a choinne sin, dúradh go rabhthas sásta leis na sé cinn déag eile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ