Páistí i mbaol fágtha gan oibrí sóisialta – HIQA

  • Last Updated:

Tá cigireacht de chuid HIQA (an tÚdarás Faisnéis agus Cáilíocht Sláinte) ar chúram páistí i gCo na Mí agus i gCo Lú tar éis a léiriú gur fágadh 3 as 29 páiste ar an gCóras Fógartha do Chosaint Leanaí ar feadh tréimhsí fada gan oibrí sóisialta a bheith luaite leo.

Léiríonn an fiosrú go raibh mantanna san monatóireacht agus maoirseacht ar pháistí sa gcóras – bearnaí ina measc sa bpleanáil sábháilteachta agus cuairteanna baile.

As 6 chaighdeán a ndearna cigirí measúnú orthú mí an Aibreáin, sáraíodh 4 cinn.

I gcás beirt pháistí níor cuireadh oibrí sóisialta ar fáil ar feadh 2 mhí.

Fágadh páiste eile 6 seachtaine gan oibrí sóisialta.

Bhí lochtanna freisin ar an gcaoi a gcurtar cáipéisí ar chóras bainistiú cásanna Túsla a deir an chigireacht.

Deir an Limistéar Seirbhíse gur "easpa foirne" ba chúis leis na mantanna.

Ach deir HIQA nár leagadh síos ord tosaíochta a chinnteodh nach bhfágfaí páistí atá i mbaol – páistí atá ar an gCóras Fógartha do Chosaint Leanaí – gan cúram mar is ceart.