€2.8 milliún de laghdú mí Iúil ar ioncam ceadúnais teilifíse

  • Last Updated:

Tháinig €2.8 milliún de laghdú ar theacht isteach RTÉ ó dhíolachán ceadúnais teilifíse mí Iúil.

Léiríonn figiúirí atá foilsithe ag Roinn na Meán gur lean an laghdú ar feadh na míosa.

Díoladh 17,297 níos lú ceadúnas mí Iúil le hais na bliana seo caite. 3,490 de laghdú a bhí i gceist an tseachtain dheireanach den mhí.

€160 an costas atá ar cheadúnas bliana.

€2,768,000 an caillteanas atá i gceist do RTÉ.

Idir an dá linn tá Alan Dillon – TD de chuid Fhine Gael agus comhalta freisin ar an 2 Choiste Oireachtais atá ag cíoradh scannal na n-íocaíochtaí faoi rún san gcraoltóir náisiúnta – tar éis éileamh ar RTÉ tuarascálacha faoin gceilt a fhoilsiú gan mhoill.

4 thuarascáil atá á n-ullmhú i láthair na huaire:

Tuarascáil Grant Thornton faoi íocaíochtaí le Ryan Tubridy ó 2017 go 2019;

Athbhreithniú inmheánach de chuid RTÉ faoin ábhar céanna;

Tuarascáil faoi "Toy Show The Musical";

Tuarascáil faoi scéimeanna iomarcaíochta deonacha i 2017 agus i 2021.

Deir an Teachta Dillon go bhfuil an tóin ag titim as an teacht isteach ón gceadúnas teilifíse, go bhfuil 1,800 post á gcur i mbaol, ach go bhfuiltear roinnt mhór seachtaine anois fós ag feitheamh ar thuarascálacha atá geallta.

D'éiligh sé freisin go mbeadh clár leasanna don mheitheal uile in RTÉ bunaithe agus foilsithe faoi dheireadh mhí Mheán an Fhómhair.

Deir urlabhraí thar ceann Bhord RTÉ nach bhfuil cóip de thuarascáil Grant Thornton faighte go fóill acu.

Tá an t-athbhreithniú a deir an t-urlabhraí fós ar bun agus níl aon dréacht ná faisnéis faighte ach an oiread ag an mBord.

The review is still ongoing and no drafts or briefings have been given to board members either.

An ceannasaí nua ag caint leis an meitheal a bhí i mbun agóide ar champas RTÉ an 12ú Iúil.

I ráiteas a d’fhoilsigh Ard-Stiúrthóir nua RTÉ Kevin Bakhurst ghlac sé buíochas leis "an mórchuid daoine atá fós ag ceannacht ceadúnas teilifíse."

Dúirt sé go raibh súil aige gur thuig an lucht féachana an luach atá siad a fháil as an gceadúnas ón gcraoltóireacht atá déanta le gairid.

Luaigh sé cláracha nuachta a thug cuntas ar imeachtaí móra náisiúnta, an clár cúrsaí reatha faoi ghnéas-mar-chúiteamh-cíosa, agus imeachtaí spóirt ar nós cluichí ceannais na hÉireann agus Corn sacair an Domhain.

Dúirt sé go raibh an craoltóir ar a mbionda ag iarraidh muinín san eagras i measc an phobail a athbhunú.