Chualathas san Ard Chúirt inniu nach bhfuil aon scoil sa Stát a bhfuil 2 phríomhoide ceaptha uirthi agus nach féidir le bord bainistíochta scoile ach príomhoide amháin a cheapadh.
Déardaoin a dhéanfar rialú i gcás atá á thabhairt ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil Moshíológ i gCo. Loch Garman.
Baineann an cás le fear a briseadh as a phost mar phríomhoide sa scoil sin 8 mbliana ó shin.
Rialaigh an Ard Chúirt i mí Iúil gur go h-éagórach a briseadh Aodhagán Ó Suird óna phost agus gur chóir é a chur ar ais i mbun dualgais sa scoil.
Tá Bord Bainistíochta na scoile ag iarraidh bac sealadach a chur ar an rialú sin anois agus is chuige sin atá an cás ar ais os comhair na hArd Chúirte.
Inné, d'iarr Breitheamh Ard Chúirte ar an Roinn Oideachas theacht os comhair cúirte lena dtuairimí a fháil faoin rialú.
D'fhiafraigh an Breitheamh Brian Cregan an bhféadfadh 2 phríomhoide a bheith ar Ghaelscoil Moshíológ i nGuaire ó tharla gur ceapadh príomhoide eile don scoil ó shin.
Ag labhairt dó thar cheann na Roinne Oideachais tráthnóna, dúirt an tAbhchóide Mark Finan nach bhfuil aon scoil sa Stát a bhfuil 2 phríomhoide uirthi.
Ag tagairt d'altanna den Acht Oideachais, dúirt sé gurb é an Roinn Oideachais an pámháistir agus nach bhfuil airgead ag an Roinn ach le príomhoide amháin i ngach scoil a íoc.
'Ní féidir le Bord Bainistíochta scoile ach príomhoide amháin a cheapadh don scoil' a dúirt sé.
Dúirt sé gurb é an éifeacht phraicticiúil a bhaineann le príomhoide a athfhostú sa scoil chéanna ná go gcaillfidh an príomhoide reatha, Carol Scott sa chás seo, a post.
Dúirt an t-abhchóide d'Aodhagán Ó Suird, dar le ciorcalán na Roinne fhéin i gcás dhá scoil a ndéantar cónascadh orthu gur féidir duine de na príomhoidí a earcú mar 'chúntóir faoi phribhléid ar an phá céanna le príomhoide'.
'Ba mhaith liom réiteach cruthaitheach den tsórt seo', a dúirt an Breitheamh Cregan agus d'iarr sé ar na páirtíthe, an Roinn san áireamh dul i mbun 'dianidirbheartaíochta' as seo go dtí maidin Déardaoin.
'Tá ár ndicheall déanta againn theacht ar chomhréiteach agus níl muid dochasach go ndéanfar morán dul chun cinn d'uireasa eadránaí neamhspleách', a dúirt an tAbhcóide Clíona Kimber thar cheann bhord na scoile.
'Go deimhin, tá an-dul chun cinn déanta', a dúirt an breitheamh ó tharla go bhfuil an bord sásta an tUasal Ó Suird 'a chur ar ais ar an phá-rolla láithreach agus riaráistí pá agus pinsin ag dul siar go 2015 a íoc leis'.
Dúirt an Breitheamh nach raibh sé sásta tuilleadh moille a dhéanamh agus thug le fios gur ar a 11 a' chlog maidin Déardaoin a dhéanfaidh sé rialú ar an chás.