GAA

Beo

Dóiteán mór i mbialann McDonald’s i gCo Chill Dara

Tá dóiteán mór i mbialann McDonald's sa Droichead Nua i gCo Chill Dara nach mór múchta ag na seirbhísí dóiteáin.

Tuilleadh cúiseanna coiriúla curtha i leith Donald Trump

Tá iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le cúisiú in iarracht a dhéanamh toradh thoghchán uachtaránachta na tíre in 2020 a chur ar ceal.

Físeán

Éirinn sa dara háit i gCorn an Aga Khan

Sa dara háit a chríochnaigh Éirinn i gCorn na Náisiún nó an Aga Khan san RDS i nDroichead na Dothra, Baile Átha Cliath inniu.

‘Níl cath na Gaeilge ó thuaidh thart go fóill’-Dream Dearg

Deir an grúpa feachtasaíochta An Dream Dearg nach bhfuil an cath ó thaobh chearta teanga sa Tuaisceart thart go fóill.Bhí bail na teanga á plé ag féile pobail i mBéal Feirste inniu.

Físeán

3.6m toitín tógtha i gCalafort Bhaile Átha Cliath

Thóg oifigigh custaim breis is 3.6 milliún toitín nach raibh aon dleacht íoctha orthu i gCalafort Bhaile Átha Cliath inné.Áirítear luach miondíola de €3,628,800 a bheith ag na toitíní,rud a d'fhágfadh breis is €2,244,400 de chaillteanas don Stát.

Cúram leighis saor in aisce do leanaí 6-7 mbliana

Ón lá inniu ar aghaidh tá tuismitheoirí agus caomhnóirí in ann aon leanbh atá acu in aois a 6 nó 7 mbliana a chlárú le cúram dochtúra teaghlaigh a fháil saor in aisce.Suas le 80,000 leanbh atá i gceist.

Bord Póilíneachta an Tuaiscirt ag plé an tsárú ar shonraí

Cuireadh tús le cruinniú de Bhord Póilíneachta an Tuaiscirt ar maidin le dhá shárú ar shonraí a bhain le hoigifigh agus baill eile foirne de chuid an PSNI. Tháinig oifigigh shinsearacha de chuid an PSNI faoi bhráid an chruinnithe.

An gníomhaí Gaeilge aitheanta Tomás Ó Monacháin tar éis bháis

Tá an gníomhaí Gaeilge aitheanta as Cúige Uladh Tomás Ó Monacháin tar éis bháis in aois a shé bliana déag agus ceithre scór.

Iar-phreasoifigeach le Sinn Féin os comhair cúirte i nDoire

Tá Michael McMonagle, iar-phreasoifigeach le Sinn Féin tugtha os comhair cúirte i gcathair Dhoire. Bhí barántas cúirte eisithe ina choinne nuair nár tháinig sé os comhair cúirte níos túisce sa tseachtain.