Gaeltacht
Loscadh sléibhe Hawaii fógartha ina mórthubaiste ag Biden
D'fhógair an tUachtarán Joe Biden go loscadh sléibhe Hawaii ina mórthubaiste inniu, beart a scaoilfidh cistí feidearálacha i dtreo stát Hawaii agus oileán Maui go háirithe. Tá an loscadh tar éis 36 dhuine a mharú agus baile stairiúil a dhó go talamh ann.
Fainic faoin iascach aonair
Deir an Bord Imscrúdú Taismí Muirí gur cheart don Aire Iompair Fógra Muirí a chur amach, ag meabhrú d'iascairí go bhfuil baol nach beag ag baint le bheith ag iascach id' aonar.
Caighdeán an chúraim in ionaid de chuid Ability West cáinte
Tá sé curtha in iúl ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte nach bhfuil caighdeáin an chúraim maith go leor, ná baol air, i roinnt ionad le haghaidh daoine atá faoi mhíchumas i nGaillimh.
Páistí i mbaol fágtha gan oibrí sóisialta – HIQA
Cigirí ón Údarás Faisnéis agus Cáilíocht Sláinte ag léiriú mantanna i gcúram páistí i mbaol i gCo na Mí agus i gCo Lú.
€2.8 milliún de laghdú mí Iúil ar ioncam ceadúnais teilifíse
Tháinig €2.8 milliún de laghdú ar theacht isteach RTÉ ó dhíolachán ceadúnais teilifíse mí Iúil.
Rialú le teacht Déardaoin i gcás phríomhoide a briseadh
Chualathas san Ard Chúirt inniu nach bhfuil aon scoil sa Stát a bhfuil 2 phríomhoide ceaptha uirthi agus nach féidir le bord bainistíochta scoile ach príomhoide amháin a cheapadh.